Ceol Nua – Albam le Noeleen Ní cholla

Seolfar an chéad albam leis an amhránaí ar an sean-nós Noeleen Ní Cholla – An Mhaighdean Mhara – ag an bhFéile Phan-Ceilteach i nDoire i gCultúrlann Uí Chanainn, Sráid Shéamais. Seolfaidh Príomhfheidhmeannach na Féile, Con Ó Conaill an t-albam ag ócáid díreach roimh thús Cèilidh Cholmcille ar an Aoine, an 10 Aibreán ag 11.00 r.n.

Cover image of Noeleen Ní Cholla's albam of traditional songs sung in the sean-nós style.

Clúdach albam nua Noeleen Ní Cholla ‘An Mhaighdean Mhara’ atá eisithe ar lipéad Chló Iar-Chonnacht. Amhráin ar an sean-nós i nGaeilge, i nGaidhlig na hAlban agus i mBéarla.

Casfaidh Noeleen Ní Cholla traiceanna ón albam atá eisithe ar lipéad Chló Iar-Chonnacht ag an seoladh agus beidh an grúpa amhránaithe óga An Crann Óg ina teannta le hamhrán ón albam a chanadh ag an ócáid chomh maith. Tá An Crann Óg ina n-aoícheoltóirí ar an albam. Beidh an t-amhránaí sean-nóis Albanach Tearlach MacColla ag amhránaíocht ina cuideachata agus beidh tionlacán ar an mbosca ceoil ón gceoltóir Albanach Calum Mac Colla – beirt atá le cloisteáil mar aoicheoltóirí ar an albam.

Tá Noeleen Ní Cholla ar dhuine den dream óg i nGaoth Dobhair atá ag coinneáil traidisiún na hamhránaíochta beo beathach don chéad ghlúin eile atá ag éirí aníos.

Amhráin i nGaeilge, i nGàidhlig na hAlban agus i mBéarla atá le cloisteáil ar an albam seo. Tá an Ghaeilge ag Noeleen ó dhúchas agus tá an Ghàidhlig ar a toil aici mar gur chaith sí tamall ina cónaí ar na hoileáin i nGàidhealtachd na hAlban.

Glór atá lán den dúchas atá ag Noeleen agus cuireann sí a croí is a hanam isteach i ngach focal a ndeireann sí. Roghnaíonn sí amhráin neamhghnácha cosúil le ‘Dónall Ó Maoláine’, nó leagan Thoraí de ‘Dhónall Óg’, ‘Cumann sí amhráin anois is arís chomh maith agus tá ceann acu, ‘Lá Aoibheann Cois Trá’, á cheol aici ar an dlúthdhiosca seo.

Tá traic samplach ón albam curtha suas ar shuíomh idirlín Chló Iar-Chonnacht againn agus is féidir éisteacht leis ag an nasc seo.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s