Léirmheas ar ‘Anamlón Bliana: Ó Dhialanna an Ríordánaigh’

Ualach na Beatha 

Léirmheas le Ciarán ó Pronntaigh ar Anamlón Bliana: ó dhialanna an Ríordánaigh a foilsíodh in An tUltach, Márta 2015 (lth 22)

Ní gan chúis a amharctar ar Sheán Ó Ríordáin mar fhile agus fealsamh tábhachtach Gaeilge ach ba thearc an léargas pearsanta, taobh amuigh dá chuid filíochta féin agus na leabhair beathaisnéise agus léirmheasa, a bhí ar fáil go forleathan go dtí an leabhar seo ar an fhear ina chuid focal féin.

An leagan amach atá ag an chnuasach seo iontrálacha ó dhialann an Ríordánaigh, ceann do gach lá sa bhliain, mar aon le líníochtaí ón fhile, portráidí den chuid is mo. Tá a chuid smaointe ó thrácht ar chúrsaí an tsaoil, ar dhaoine a casadh air agus, in amanna, an greann. Agus tá luach le gach ceann acu a roghnaíodh anseo.

Téama na streachailte atá chun tosaigh anseo, an galar a bhí air, ar ndóigh, an tóir ar Ghaeilge dhúchasacach, cúrsaí moráltachta agus an bás.

Sin ráite, cluinimid guth lán muiníne, fosta. Cé go bhfuil go leor ábhar amhrais aige, tá sé cinnte faoin armlón ceart ba chóir a bheith aige le dul ina choinne.

Thug an leabhar gleoite seo an chraobh leis i ngradam leabhar na bliana. is cinnte go n-osclóidh sé oidhreacht an Riordánaigh do ghlúin eile amach anseo.

Léigh tuilleadh faoin leabhar Anamlón Bliana: ó dhialanna an Ríordánaigh nó ceannaigh cóip ar shuíomh idirlín Chló Iar-Chonnacht ag an nasc seo.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s