Seimineár faoin úrscéal Gaeilge

Déardaoin, 23 Aibreán 

Ollscoil Notre Dame, O’Connell House, 58 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire

Díreoidh an seimineár seo ar Úrscéalta Gaeilge an Fichiú hAois agus ar cheist na canóna. Is ceist chasta chigilteach cháiréiseach í ceist na canóna i ngach teanga agus ní haon eisceacht í an Ghaeilge. Is í aidhm an tseimineáir seo ceisteanna tábhachtacha bunúsacha maidir le húrscéalta na Gaeilge a chriathrú, stair liteartha agus léirmheastóireachta na Gaeilge a chíoradh, agus plé agus díospóireacht faoi úrscéalta na Gaeilge a spreagadh. Trí thaighde, trí mheasúnacht agus trí dhíospóireacht mheáite, pléifear stádas na canóna, cleachtas na léirmheastóireachta agus ceisteanna ar nós: Cad iad mór- úrscéalta na Gaeilge? Cad iad na húrscéalta ar chóir a bheith ar shiollabas na n-ollscoileanna? Cad iad na húrscéalta ar chóir a bheith i mbéal phobal na Gaeilge?…

Cliceáil anseo le tuilleadh eolais a fháil faoin seimineár nó le d’áit a chur in áirithe.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s